Skip the Northern Ireland Government Bar|

Foilliocht Foraoise I dTuaisceart Eireann

Cuireann an tSeirbhís Foraoise lastigh dá heastát foraoise réimse saoráidí fóillíochta ar fáil ag páirceanna agus ag rianta tiomána foraoise, ag  achair fóillíochta foraoise agus ag foraoiseanna.

Páirceanna agus Rianta Tiomána na Seirbhíse Foraoise

Scaipthe ar fud Thuaisceart Éireann tá seacht bpáirc foraoise agus dhá rian tiomána foraoise. Tá na páirceanna ar oscailt gach lá ó 10.00r.n go luí gréine. Is ar bhonn séasúir amháin, áfach, a osclaítear rianta tiomána foraoise. Ar na saoráidí a bhíonn ar fáil ag na páirceanna is iondúil go mbíonn achair mhóra phárcála, conairí siúil treoraithe, cláir eolais chonairí (tá bothanna leictreonacha eolais ag 3 acu), achair phicnice agus leithris. Ar na saoráidí eile atá ar fáil, ach nach bhfuil i ngach páirc tá, caifí, conairí teaghlaigh agus/nó rothaíochta, slite treodóireachta, slite marcaíochta capaill, iascairecht cheadaithe agus fáil ar thuras treoraithe do ghrúpaí.
Tá saoráidí campála agus carabhan ar fáil ag cúig cinn de na páirceanna. Tá láithreáin lánseirbhíse achair fhada, agus ceangal leictreachais, leithris, cithfholcadh, agus neachtlann san áireamh.
Faoi láthair tá táille iontrála na bpairceanna agus na rianta tiomána seo, £3.20 nó £4.20 an carr agus táillí is airde comhréireacha d’fheithiclí is mó, tá ar a laghad £40 an carr ar cheadúnas bliana agus tá idir £9-14 ar tháillí oíche carabhan agus campála. Tá na páirceanna agus rianta tiomana ag:-
Tá ceithre pháirc foraoise eile ann fosta nach ngearrtar táillí ar bith iontu. Is iondúil go mbíonn achair phárcála dromchla chrua, conairí siúil marcáilte, cláir eolais conairí, achair phicnice agus leithris sna páirceanna seo. Tá na páirceanna seo ag:-

Achair Fóillíochta Foraoise

Chomh maith leis sin, tá 30 achar fóillíochta eile ag an tSeirbhís Foraoise agus riar éigin ar phárcáil, conairí siúil marcáilte, cláir eolais conairí agus achair phicnice, ach níl siad i ngach páirc. Tá cuid acu, ar nós Fhoraois Belvoir cóngarach do bhailte móra nó do chathracha.

Foraoiseanna Eile

Tá 70 foraois eile ag an tSeirbhís Foraoise atá ar fáil, den chuid is mó, i gcomhair siúil neamhfhoirmiúil. I mbunús na bhforaoiseanna seo is iad na bóithre foraoise amháin, atá ansin go príomha le haghaidh obair na foraoise, atá ar fáil. I roinnt bheag acu (10) tá fáil theoranta ar phárcáil carranna. Níl conairí siúil, cláir eolais ná táblaí picnice ann.

Táillí Fóillíochta Seirbhíse Foraoise

(I bhfeidhm ó 1 Eanáir 2010)
Foraois Carr
£
Mionbhus
£
Coiste
£
G/rothar
£
Duine Fasta
£
Paiste
£
An Tulach Mhór 4.20 10.50 25.00 2.00 2.00 0.50
Caisleán Uidhlín 4.20 10.50 25.00 2.00 2.00 0.50
Gleann Aireamh 4.20 10.50 25.00 2.00 1.50 0.50
Gosford 4.20 10.50 25.00 2.00 1.50 0.50
Mainéar an Droma 3.20 8.50 25.00 2.00 1.00 0.50
Gleann an Ghoirtín 3.20 8.50 25.00 2.00 1.00 0.50
Baile Phádraig 3.20 8.50   2.00   0.50
Loch Navar 3.20 8.50   2.00   0.50
Port Chluain Eoghain 3.20 8.50 25.00 2.00 1.00 0.50

Cineál Ceadúnais Táille iomlán Lamháltas dóibh siúd atá os cionn 60 bl
Carr 40.00 20.00
Mionbhus 70.00 35.00
Ceadúnas nua 10.00  
Grianghraif Bhainise 25.00  
Beárbaiciú 25.00  
Capall (lá) 7.00  
Capall (bliain) 70.00  
*Capall (cumann) 150.00  
Imeachtaí speisialta 100.00  
* Gearrfar táille £150 ar gach muirear foraoise ar imeachtaí a chuirtear in áirithe ag aon am amháin, beag beann ar líon na FMU a úsáidtear

Séasúr Ard' - Aoine an Chéasta – 30 Meán Fómhair
Séasúr Íseal - 1 Deireadh Fómhair – Déardaoin roimh Cháisc
Carabhan agus
Campáil
Láithreáin achair fhada
£
Láithreáin achair fhada
£
Railí
£
Railí
£
  Ard Íseal Ard Íseal
An Tulach Mhór 14.00 10.00 12.50 8.50
Caisleán Uidhlín 14.00 10.00 12.50 8.50
Gleann Aireamh 12.00 9.00 10.50 7.50
Gosford 14.00 10.00 12.50 8.50
Mainéar an Droma 12.00 9.00 10.50 7.50
Pointe leictreachais £1.50 breise sa 24 uair (nó cuid de)

Láithreáin óige

Éarlais £20 láithreán campála óige (neamh-inaisíoctha)
1 go 16 duine £2.50pp, 17 + duine £2.00 pp

Download and Install BrowseAloud

About BrowseAloud